Gheobhaidh tú thíos roinnt samplaí den obair sholúbtha agus den saoire atá ar fáil, ach tabharfaidh d’údarás fostaíochta mionsonraí iomlána.

 

Obair sholúbtha

 

Tá obair sholúbtha ar fáil do róil áirithe. Má tá socrú oibre solúbtha agat is féidir leat oibriú ar bhealach réasúnta solúbtha, chomh fada agus a chinntíonn tú go n-oibríonn tú an líon íosta uaireanta in aghaidh na seachtaine agus go mbíonn tú i láthair le linn na bpríomhuaireanta. Athraíonn na socruithe ag brath ar d’fhostóir agus ar do ról agus beidh tuilleadh sonraí ar fáil ó d’fhostóir má thairgtear post duit sa rialtas áitiúil. 

 

Saoire Bhliantúil

 

Tairgeann go leor róil sa rialtas áitiúil saoire bhliantúil de bhreis ar an 20 lá reachtúil in aghaidh na bliana. Is gnách go mbeidh sonraí faoin teidlíocht maidir le saoire bhliantúil le fáil sa leabhrán faisnéise don ról.

 

Saoire mhéala

 

Tá sé mar aidhm againn tacú lenár bhfostaithe agus bíonn saoire speisialta le pá ar fáil go ginearálta d’fhostaithe ag amanna méala mar gheall ar bhás gaoil.

 

Saoire Chúramóra

 

D’fhéadfadh go mbeadh fostaithe údaráis áitiúil incháilithe le haghaidh saoire Cúramóra chun cúram lánaimseartha a sholáthar do dhuine a bhfuil a leithéid de dhíth air nó uirthi.  Beidh sonraí faoi scéim maidir le saoire an chúramóra ar fáil ón údarás fostaíochta.

 

Sos Gairme 

 

Foráiltear le scéim maidir le sos gairme san earnáil rialtais áitiúil d’fhostaithe sos gairme sé mhí nó níos mó a thógáil ón obair gan phá. Má cheadaítear é, féadfaidh tú sos gairme a ghlacadh ar chúiseanna teaghlaigh nó ar chúiseanna eile a bhaineann leis an mbaile, ar chúiseanna oideachais, le haghaidh taistil nó féinfhostaíochta.  

 

Saoire mháithreachais agus saoire Uchtaithe

 

Tá saoire mháithreachais íoctha agus saoire uchtála íoctha ar fáil d’fhostaithe rialtais áitiúil. Tá tú i dteideal 26 seachtaine de shaoire mháithreachais le pá agus 16 seachtaine de shaoire mháithreachais gan phá bhreis air sin. Ina theannta sin, tá tú i dteideal am saor a fháil le haghaidh coinní cúraim réamhbhreithe agus iarbhreithe agus le freastal ar ranganna réamhbhreithe.  Tá tuismitheoir uchtála i dteideal 24 seachtaine de shaoire uchtála agus 16 seachtaine de shaoire uchtála gan phá sa bhreis air sin. 

 

Saoire Atharthachta íoctha

 

Tá tuismitheoir nua (seachas máthair an linbh) i dteideal 2 sheachtain de shaoire atharthachta íoctha thart ar am bhreith nó uchtála linbh.

 

Saoire tuismitheora

 

Le saoire do thuismitheoirí ceadaítear do thuismitheoirí atá ag obair níos mó ama a chaitheamh lena leanbh nó lena leanbh uchtaithe le linn na chéad bhliana. Tá gach tuismitheoir i dteideal saoire 5 seachtaine. Is teidlíocht reachtúil é sin. Tá saoire do thuismitheoirí gan phá ach d’fhéadfá a bheith incháilithe d’íocaíocht sochair do thuismitheoirí don tréimhse sin ón Roinn Cosanta Sóisialta.

 

Saoire thuismitheoireachta

 

Tá gach tuismitheoir i dteideal 26 seachtaine de shaoire do thuismitheoirí gan phá. Is teidlíocht reachtúil é sin. Caithfidh tú an tsaoire a ghlacadh sula mbeidh an leanbh 12 bhliain d’aois (nó 16 bliana d’aois i gcás linbh faoi mhíchumas). Féadfaidh tú an tsaoire a ghlacadh mar thréimhse leanúnach amháin, in dhá bhloc ar leithligh nó, má aontaíonn d’fhostóir, briste anuas ina laethanta oibre.

 

An scéim maidir le bliain oibre níos giorra

 

Tá sé mar aidhm ag an scéim sin tacú le fostaithe údaráis áitiúil cothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn.

 

Saoire Bhreoiteachta

 

Mar fhostaí rialtais áitiúil, bainfidh tú leas as saoire bhreoiteachta le pá faoi scéim saoire bhreoiteachta na seirbhíse poiblí. De ghnáth, bíonn tairseach 3 mhí de shaoire bhreoiteachta agat ar phá iomlán sa bhliain agus ina dhiaidh sin uasmhéid de 3 mhí de shaoire bhreoiteachta ar leathphá. Tá sé sin faoi réir uasmhéid foriomlán 6 mhí de shaoire bhreoiteachta le pá i dtréimhse leanúnach ceithre bliana ar bith.  Beidh tuilleadh sonraí faoi Scéim Saoire Breoiteachta na Seirbhíse Poiblí ar fáil ón údarás fostaíochta.

 

Saoire staidéir

 

D’fhéadfadh go mbeadh saoire staidéir nó scrúdaithe ar fáil duit mar fhostaí rialtais áitiúil má tá tú ag críochnú cúrsa oideachais a fhaigheann tacaíocht ó d’fhostóir.

 

Comhroinnt oibre nó uaireanta laghdaithe

 

D’fhéadfadh go mbeadh socrú postroinnte indéanta chun d’uaireanta oibre seachtainiúla a laghdú ar feadh tréimhse aontaithe ama.