Tá earcaíocht agus roghnú san earnáil rialtais áitiúil oscailte agus cothrom. De ghnáth, bíonn an earcaíocht bunaithe ar inniúlacht agus bíonn próiseas iarratais agus agallaimh i gceist léi. Sainmhínítear inniúlachtaí mar na hiompraíochtaí, na scileanna agus na dearcthaí atá mar bhonn agus taca le feidhmíocht éifeachtach i ról.
Cé go n-earcaíonn an chomhairle nó an tionól réigiúnach formhór na bhfostaithe chuig róil go díreach trí phróiseas earcaíochta iomaíoch, earcaíonn an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí iad siúd ar ghráid shinsearacha.
Tar éis iarratais, roghnúchán agus agallamh a dhéanamh, tairgtear an post don iarrthóir rathúil. Féadfar painéal d’iarrthóirí cáilithe eile a bhunú óna bhféadfar poist a líonadh amach anseo.
Féadfaidh tú níos mó a léamh faoi na céimeanna earcaíochta sin go léir sa chuid seo trí chliceáíl ar na naisc thíos.
Tabhair faoi deara go mbaineann an fhaisnéis seo a leanas go díreach le próisis earcaíochta arna mbainistiú ag údaráis áitiúla, tionóil réigiúnacha agus ag an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil. Chun teacht ar fhaisnéis a fháil faoin earcaíocht arna bainistiú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, téigh chuig www.publicjobs.ie.