Leis an obair san earnáil rialtais áitiúil tugtar sochair phinsin den scoth duit, lena n-áirítear cnapshuim agus pinsean bliantúil ar scor duit.  Cláraítear fostaithe san earnáil rialtais áitiúil go huathoibríoch i scéim pinsin (ar a dtugtar scéim aoisliúntais freisin).

 

Scéim Pinsin Aonair na hEarnála Poiblí

 

Baineann Scéim Aonair na hEarnála Poiblí le gach iontrálaí céaduaire inphinsin sa tseirbhís phoiblí, chomh maith le hiar-sheirbhísigh phoiblí atá ag filleadh ar an tseirbhís phoiblí tar éis sos níos mó ná 26 seachtaine. Is scéim pinsin le sochar sainithe ar an meán gairme í Scéim Aonair Pinsin na Seirbhíse Poiblí. Trí do chuid ranníocaíochtaí, tógfaidh tú dhá chineál sochar scoir le himeacht ama - cnapshuim a gheobhaidh tú ar scor duit agus pinsean bliantúil ó bheith ar scor.  Le faisnéis iomlán a fháil faoin scéim lena n-áirítear ranníocaíochtaí agus sochair is féidir leat cuairt a thabhairt ar https://singlepensionscheme.gov.ie/

 

Scéimeanna Pinsin Rialtais Áitiúil

 

Beidh siad siúd a earcófar in earnáil an rialtais áitiúil roimh an 1 Eanáir 2013 ina mbaill de scéimeanna pinsin eile, arna riar ag an údarás fostaíochta.  Beidh tuilleadh faisnéise faoi na scéimeanna sin ar fáil sna leabhráin faisnéise d’iarrthóirí arna soláthar ag an eagraíocht earcaíochta.