Príomhchathair idirnáisiúnta é Baile Átha Cliath agus cothaítear geilleagar an réigiúin agus an stáit ann. Lorgaíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le feabhas a chur ar mhealltacht na cathrach mar áit chun infheistíocht a dhéanamh ann, chun oibriú ann, chun cónaí ann agus chun cuairt a thabhairt air. Glacann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath leis an bpríomhról chun fís straitéiseach na cathrach a mhúnlú. Cuirtear réimse fairsing agus ilsrathach seirbhísí atá ag teacht chun cinn ar fáil ann do shaoránaigh Bhaile Átha Cliath agus cuairteoir a thugann cuairt ar an gcathair - cuirtear seirbhísí tithíochta, pleanála, forbartha, comhshaoil, bóithre agus tráchta, fóillíochta agus pobail ar fáil. Chun teacht ar eolas breise faoi Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tabhair cuairt, le do thoil, ár suíomh gréasáin.
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Civic Offices, Wood Quay, Dublin 8, D08 RF3F