Is fostóirí iad na húdaráis áitiúla atá tiomanta do chomhdheiseanna agus ní dhéanann siad leithcheal ar bhonn inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine nó ballraíocht sa phobal Taistealaithe. Díreofar leis an bpróiseas earcaíochta ar do thaithí agus ar d’acmhainneacht chun an post a dhéanamh agus leanfar an cleachtas is fearr maidir le comhdheiseanna a sholáthar do gach iarrthóir.
 
Cóiríochtaí réasúnta le linn d’iarratais 
 
Má tá tú faoi mhíchumas, déanfaimid cinnte de go ndéanfar cóiríocht réasúnach duit le linn an phróisis earcaíochta.  Bearta praiticiúla a ghlacann earcaitheoirí agus fostóirí is ea cóiríocht réasúnach ionas gur féidir le daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh sa phróiseas earcaíochta ar bhonn cothrom le daoine eile.  


Má tá tú faoi mhíchumas, má tá mallachar ort nó má theastaíonn cúnamh uait in aon réimse eile le linn an phróisis, cuir an t-údarás áitiúil earcaíochta ar an eolas agus déanfaidh siad a ndícheall freastal ort.